Amhránaí Mór na nDéise

Nioclás Tóibín

Saol, amhráin agus oidhreacht dhuine de mhór-amhránaithe sean-nóis na nDéise.

Portráid de Nioclás Tóibín
A Shaol agus a Oidhreacht

Amhránaí na nDéise

Bhí Nioclás Tóibín ar dhuine de mhór-amhránaithe traidisiúnta na nDéise agus bhí tionchar nach beag aige ar chaomhnú agus ar chur chun cinn amhránaíocht na háite.

Saol Niocláis

Rugadh Nioclás Tóibín sa bhliain 1928 i mBaile Uí Raghallaigh, Heilbhic i nGaeltacht na nDéise, an mac ab óige d’ochtar clainne a raibh ceol ag an uile dhuine acu. Bhí ana-thionchar ag a uncail Nioclás Mór, údar Duanaire Déiseach (1978), ar an amhránaí óg agus is mó amhrán a fuair sé uaidh.

Éachtaí ag an Oireachtas

Bhain sé Corn Chomhlacht an Oideachais (Corn Uí Riada mar a thugadh ar ball air) trí huaire as a chéile i 1961, ’62 agus ’63, rud nár deineadh riamh roimhe san ná ó shoin.

Taifeadtaí agus Craolacháin

Tá dhá eisiúint dá chuid amhránaíochta le ceannach ar dhlúthdhiosca: Nioclás Tóibín, Gael Linn, 2007 agus Rinn na nGael, Cló Iar-Chonnachta, 1999. Chraol Nemeton Teo. clár teilifíse sa bhliain 2006, Orpheus na nDéise, a thug léargas ar an laoch mór seo na hamhránaíochta.

Éist le Nioclás

Taifeadtaí

Tá dhá eisiúint dá chuid amhránaíochta luaite sa chartlann seo. Tugann siad deis d’éisteoirí blaiseadh a fháil de shaibhreas amhránaíochta Niocláis agus de thraidisiún na nDéise.

2007

Nioclás Tóibín

Gael Linn

1999

Rinn na nGael

Cló Iar-Chonnachta