Saol Niocláis
Rugadh Nioclás Tóibín sa bhliain 1928 i mBaile Uí Raghallaigh, Heilbhic i nGaeltacht na nDéise, an mac ab óige d’ochtar clainne a raibh ceol ag an uile dhuine acu. Bhí ana-thionchar ag a uncail Nioclás Mór, údar Duanaire Déiseach (1978), ar an amhránaí óg agus is mó amhrán a fuair sé uaidh.